TULCA 2023: Fógra Oscailte

Drawings on three strips of tissue paper. The first drawing features two lions facing two humans. The second drawing features three lions all facing the same direction. The third drawing features three heart shaped flowers.

Image: Graffiti on lavatory paper, J.J. Beegan. Courtesy of the Adamson Collection and the Wellcome Collection

TULCA 2023: Fógra Oscailte

Tá TULCA, Féile na hAmharc-ealaíona, sásta sonraí a fhógairt dá Gairm Oscailte 2023, á léiriú ag Iarlaith Ní Fheorais: mil, bainne agus salann i sliogán mara roimh éirí na gréine.

Coimre Choimeádaíochta

Ag meabhrú ar Iarthar na hÉireann mar thírdhreach de bhonneagar leighis agus smachta, tugtar cuireadh d’ealaíontóirí a gcaidreamh réigiúnach féin le leigheas a mheas. Ó Otharlann Mheabhairshláinte Naomh Bríd i mBéal Átha na Sluaighe mar shuíomh samhaltach na meabhairshláinte institiúidithe, go dtí na monarchana feistí leighis, taobh le cathair na Gaillimhe, go Cill Chornáin, isteach tríd Otharlann Eitinne Merlin Park agus ar aghaidh go dtí monarcha Botox Chathair na Mart, nár léir go bhfuil Iarthar na hÉireann agus saolta na ndaoine a chuireann fúthu inti múnlaithe ag córais leighis. Trí rian geografaíochtaí leighis, tinneas agus míchumas ar Iarthar na hÉireann agus ar áiteanna eile, seans go dtosóidh muid ag athscríobh na hoidhreachta achrannaí seo ar ais isteach inár dtuiscint féin ar an náisiún, ar an nua-aimsearthacht agus orainn féin, a scaoileann scéaltai fúinn féin, agus faoin áit a dtugann muid ár dtír féin air.

Ba ag Éirinn a bhí an ráta ab airde géibhinn, i lár an fichiú aois, cionn is coiriúlú a dhéanamh de chineálacha ar leith míchumas, iompar clainne, inscne, gnéasacht, iompar, aicme agus meabhairghalar. As na daoine sin a bhí cúrtha i ngéibheann – go leor acu ar feadh a saol – b’othair iad san hotharlanna meabhairshláinte amhail Béal Átha na Sluaighe, agus bhain gach grúpa sa tsochaí leas astu mar mhaoin leasa, mar phionós agus fiú mar bhealach le haighneas talaimh nó oidhreachta a réiteach. Bhí na hotharlanna seo le fail ar fud na tíre, maoinithe ag an stát agus go leor pobal éagsúla ag dul i loinne dhíograise leis an chóras géibhinn a bhuanú chun leas geilleagrach nó polaitiúil a bhaint as. Cad é a d’inseodh cur chuige fuascailte ar son na colainne agus in éadan na hinstitiúide dúinn faoi oidhreachtaí géibhinn, le heolas a dhéanamh de thodhchaí gan ghéibheann? Cad é mar a thógfaidh muid cur chuige fuascailte a sheasann in aghaidh galareolaíochta agus institiúidiú an duine, agus gluaiseacht a dhéanamh i dtreo bealaí nua le muid féin a chruthú agus le cúram a thabhairt dúinn féin? Cad é mar a dhéanfaidh muid ár gcolainn féin a athshealbhú agus foghlaim ó pholaitíocht cheartais mhíchumais, cealú agus féinriar colainne, a thógann dlúthpháirtíocht idir daoine institiúidithe? Agus as sin, cad é mar a théann muid i ngleic le foréigean eolaíochta coilíní, agus mar a mhúnlaigh sé sin tírdhreacha agus daoine? Ag déanamh machnaimh ar an stair seo, cad é mar chuimhníonn muid na daoine a múnlaíodh sna háiteanna seo le bheith ag smaoineamh go criticiúil ar an tionchar atá aige sin orainne sa lá atá inniu ann? Is uaidh sin, cad é mar a gheobhaidh muid ar ais na glórtha sin a rinneadh balbh ag na institiúidí seo, le seasamh a dhéanamh in éadan chumhacht chomharbaí na n-institiúidí seo?

Ag tógáil a theidil ó chur síos ar shean-leigheas pobail, déanann mil, bainne agus salann i sliogán mara roimh éirí na gréine comhartha i dtreo tuairim atá ag forbairt de leigheas agus cúram agus a ngaolsan leis an talamh. I réigiún lán tobar beannaithe, tá oilithreachtaí, leasanna pobail, miotais, monarchana agus institiúidí, míochaine, tinneas agus míchumas, de dhlúth agus d’inneach an réigiúin seo agus go leor eile ar fud an domhain. Agus an scéal á inse, cad iad na scéalta a b’fhéidir a inse, a dhéanfadh ár dtuiscint a dhaingniú ar mar a bheadh sé le bheith istigh i gcorp agus ar láthair?

Gair Oscailte Próiseas & Treoirlínte:

Tá TULCA á léiriú trí cuireadh díreach agus próiseas Gair Oscailte. Beidh rogha dheiridh an tsaothair ealaíne bunaithe ar cheangal téamacha, caighdeán ealaíonta, agus indéantacht. Déanfaidh an léiritheoir na roghanna i gcomhair le léiritheoir TULCA.

Próiseas Iarratais:

Spriocdháta: 19ú Márta 2023

Tá cuireadh ar ealaíontóirí láithriú a dhéanamh ar shaothar ealaíne Reatha, nó saothar nua a tháirgeadh. Is féidir saothar a mholadh do thaispeántas san fhéile, nó mar léiriú aonuaire / imeachtaí / ceardlanna / curtha ar scáileán mar chuid de chlár pobail. Níor choir go raibh an saothar ar taispeáint i nGaillimh roimhe sin.

Cuir aon cheangaltán PDF (15MB uasmhéid) ina bhfuil na nithe seo a leanas:

  • Ráiteas cruinn an ealaíontóra a mhíníonn do chuid oibre agus mar a cheanglódh sé nó mar a fhreagraíonn sé don litir thuas (250 focal uasmhéid)

  • CV (2 leathanach uasmhéid)

  • Samplaí d’obair roimh ré: Suas go 10 n-íomhá (San áireamh: teideal; an t-ábhar / meán; na buntomhais / fad; dáta an léirithe, agus eolas ar an áit a taispeánadh an saothar chomh maith, más oiriúnach)


Suas go 2 nasc idirlín d’fhíseán / is féidir saothar fuaime a chur chomh maith (YouTube nó Vimeo, níor choir aon phíosa a bheith níos mó ná 10 nóiméad. Má chuirtear saothar iomlán déan cinnte go moltar sliocht 10 nóiméad le hamharc air). Déan cinnte go bhfuil aon phasfhocal san áireamh do na físeáin phríobhaideacha.

  • Moladh atá mínithe go soiléir ar an obair atá le taispeáint, mionsonraí faoin suiteán san áireamh, riachtanais teicniúla agus inrochtaine (250 focal + 3 ghrianghraf uasmhéid)

  • Roghnach: Más moladh é seo do shaothar nua, cuir san áireamh aon léirshamhlaithe, eolas ar ábhair, costais, riachtanais teicniúla agus láithreach (250 focal sa bhreis, uasmhéid).

Ní mór na hiarratais a sheoladh isteach via ríomhphost chuig: opencall@tulca.ie


Nótaí d’iarratasóirí:

Is féile fhócasaithe amharc-ealaíona í TULCA gan ach acmhainní teoranta aige, ná lig seo chun dearmad agus tú ag forbairt do mholta. Is iondúil go dtarlaíonn TULCA ar fud réimse maith ionad ealaíne agus ionaid nach ionaid ealaíne iad chomh maith, amhail Dánlann An Post, Ionad Ealaíne na Gaillimhe, Dánlann NUIG, Otharlann Ollscoile, Músaem Chathair na Gaillimhe, Dánlann 126 agus láithreacha eile seachtracha. Má fhorbraíonn tú moladh do láthair ar leith nó do chomhthéacs ar leith, ní féidir linn a infhaighteacht ná a indéantacht a dheimhniú. Molann muid d’ealaíontóirí cur chuig solúbtha a ghlacadh mar a bhaineann sé leis seo le go mbeidh roghanna éagsúla aontaithe trí chomhrá leis an léiritheoir.

Cuirfidh muid in iúl go bhfuair muid gach iarratas. Cuirfear in iúl do na healaíontóirí roghnaithe faoi 31ú Márta. Ar an drochuair, ní féidir aischothú a thabhairt ar aon iarratas nár éirigh leis.

Níl aon chostas leis an iarratas.

Is féile uathúil í féile TULCA a bheir deis d’ealaíontóirí teagmháil a dhéanamh le lucht féachana leathán ar bhealach nua agus neamhghnách, le comhoibrithe nua a thógáil agus le do ghréasán féin a mhéadú le healaíontóirí eile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. I dteanna fís an ealaíontóra, beidh ann do thairiscint choimeádaíochta agus forbairt ealaíonta chomh maith, tacaíocht teicniúil agus suim shuntasach na meán, feachtas margaíochta agus lucht féachana. I dteannta na féile beidh ann fhoilseachán ina mbeidh scríbhneoireacht choimisiúnaithe. Soláthraíonn TULCA clár oideachais fhuinniúil taobh istigh de bhunscoileanna agus mheánscoileanna agus do institiúidí tríú leibhéal. 

Bíodh a fhios ag gach iarratasóir, má roghnaítear thú, beidh obair na meán agus cur chun cinn na féile ann, nuair is gá. Beidh sé de cheart ag TULCA grianghrafanna na hoibre a ghlacadh agus codanna de na hiarratais roghnacha a úsáid ar son poiblíochta, ach é ráite ag an ealaíontóir roimh ré nach bhfuil sin ceadaithe. Is leis an ealaíontóir i gcónaí cóipcheart na hoibre.

 


TULCA, Féile na hAmharc-ealaíona
mil, bainne agus salann i sliogán mara roimh éirí na gréine
á léiriú ag Iarlaith Ní Fheorais
3ú – 19ú Samhain 2023
Gaillimh, Éire

www.tulca.ie